An Córas Dlí

 

An Córas Dlí agus an Scaradh Cumhachtaí

Is é atá i mBunreacht na hÉireann ná dlí bunúsach an Stáit. D’achtaigh an pobal é de réir pobalbhreithe in Iúil, 1937 agus tháinig sé i ngníomh ar 29 Nollaig, 1937.

Is é an Bunreacht an ceannbhrat faoina ndéantar ceart a riar agus faoina gcuirtear cearta dlíthiúla i bhfeidhm i gcúirteanna arna mbunú faoin dlí. Sna forálacha sainráite atá ann, aithnítear agus ráthaítear cosaint do chearta bunúsacha an duine.

Sa Bhunreacht, a bhfuil 50 Airteagal ann, bunaítear institiúidí an Stáit agus leagtar amach na rialacha a rialaíonn an idirghníomhaíocht a bhíonn ann idir orgáin an Stáit agus idir an Stát agus an duine aonair, araon. Féadfaidh don phearsa aonair gairm le dúshlán a chur faoi bhunreachtúlacht dlíthe a ritheann an tOireachtas (an pharlaimint) agus le cúiteamh a lorg i gcás go sáraítear cearta bunreachtúla dá cuid. Faoi réir an Bhunreachta tá an córas dlí bunaithe ar thraidisiún an dlí coitinn.

Faoi théarmaí Airteagal 6 den Bhunreacht is le muintir na hÉireann a dhílsíonn ceannasacht ach tá an Stát ceannasach go seachtrach i dtaobh a sheasaimh i gcúrsaí dlí idirnáisiúnta. Tá an Stát, Éire, freagrach os comhair na gCúirteanna as éagóracha a dhéantar i gcoinne pearsan aonair nó as sárú dá cuid cearta bunreachtúla nó dá cuid cearta dlíthiúla. Ní fhéadfar an Bunreacht a athrú ach amháin de réir reifrinn, a bhfuil foráil déanta dó in Airteagal 46.

Bunreacht dátheangach

Gné shuntasach amháin den Bhunreacht ná go bhfuil sé scríofa in dhá theanga. Foráiltear le hAirteagal 8 den Bhunreacht gurb í an Ghaeilge, mar an teanga náisiúnta, príomhtheanga oifigiúil an Stáit agus aithnítear an Béarla mar an dara teanga oifigiúil. Is é an téacs Gaeilge a bhíonn i réim más rud é go dtagann mí-ailíniú idir an dá leagan den Bhunreacht chun cinn.

Deighilt na gCumhachtaí

Foráiltear sa Bhunreacht go mbeidh deighilt cumhachtaí trípháirteach: an Reachtas, an Feidhmeannas agus na Breithiúna. Is é an Rialtas an t-orgán stáit a fheidhmíonn an chumhacht feidhmiúcháin rialtais, is iad an dá theach parlaiminte atá san Oireachtas (ar a bhfuil an tUachtarán ina cheannasaí teidealach air, i dteannta stádas bunreachtúil a bhfuil aige nó aici mar Cheann Stáit) a fheidhmíonn an chumhacht reachtach rialtais, agus is iad na cúirteanna arna mbunú faoi Airteagal 34 den Bhunreacht a fheidhmíonn an chumhacht bhreithiúnach rialtais. Áirithítear leis sin nach bhféadfar aon orgán amháin de chuid an Stáit cur isteach ar na feidhmeanna a shanntar don dá orgán stáit eile. In Airteagail 12 go 14, leagtar amach feidhmeanna Uachtarán na hÉireann, arb é an Ceann Stáit. Cumhachtaí searmanais go príomha a dhílsítear don Uachtarán cé go bhforáiltear go leor cumhachtaí discréideacha dó faoi théarmaí an Bhunreachta. D’ainneoin deighilt na gcumhachtaí feidhmíonn na Cúirteanna feidhm bhunreachtúil nuair a dhéanann siad bunreachtúlacht agus dlíthiúlacht ghníomhartha orgáin eile an Stáit a athbhreithniú.

Is é atá san orgán breithiúnach rialtais ná na Cúirteanna sin a bhunaítear faoi Airteagal 34 den Bhunreacht iad, eadhon an Chúirt Uachtarach, an Chúirt Achomhairc agus an Ard-Chúirt. Foráiltear le hAirteagal 6 den Bhunreacht go n-eascraíonn na cumhachtaí rialtais uile, reachtach, feidhmiúcháin agus breithiúnach ón bpobal, agus leanann sé ar aghaidh chun rá gurb “leis na horgain Stáit a chuirtear ar bun leis an mBunreacht seo, agus leo sin amháin nó lena n-údarás, is féidir na cumhachtaí riala sin a oibriú.”

Áirítear sa chumhacht bhreithiúnach rialtais atá ag na cúirteanna siúd an inniúlacht comhoiriúnacht den reachtaíocht leis an mBunreacht a athbhreithniú agus athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar fho-reachtaíocht, ar chinntí nó ar ghníomhaí a dhéanann an Rialtas nó comhlachtaí an Stáit d’fhonn cinneadh a dhéanamh maidir lena ndlíthiúlacht agus lena gcomhoiriúnacht leis an mBunreacht, chomh maith le prionsabail a thagann ón mBunreacht, amhail próis chuí.

(i) An Reachtas

De réir mar a shainordaítear sa Bhunreacht, is é atá san Oireachtas ná parlaimint dhá-sheomrach agus Uachtarán na hÉireann. Is iad an dá theach san Oireachtas ná Seanad Éireann agus Dáil Éireann (seomra na dteachtaí). Cé go ndílsítear, de réir Airteagal 15 den Bhunreacht, an chumhacht reachtóireachta san Oireachtas amháin, tá teorainn leis an gcumhacht seo mar ní cheadaítear don Oireachtas reachtaíocht a théann in aghaidh théarmaí an Bhunreachta a achtú. Ar an gcaoi chéanna tá cosc ar reachtaíocht a chruthaíonn cion go cúlghabhálach nó a d'fhorálfadh do phionóis an bháis a ghearradh. Féadfar le reachtaíocht a thionscnamh i gceachtar den dá Theach, cé is moite Billí Airgid agus Billí do leasú an Bunreacht nach bhféadfar iad a thionscnamh ach i nDáil Éireann amháin. Téann Bille trí chéimeanna éagsúla sa dá Theach sula gcuirtear chuig Uachtarán na hÉireann é le síniú, agus leis sin déantar Acht Oireachtais den Bhille.

(ii) An Feidhmeannas

Is é an Feidhmeannas Rialtas na hÉireann agus foráiltear dó in Airteagal 28 den Bhunreacht, a shonraíonn nach mór nach mbeadh níos lú ná seachtar ball agus níos mó ná cúig bhall déag sa Rialtas agus áiríonn sé sin an Taoiseach arb é ceann an Fheidhmeannais é agus an duine atá díreach faoi, an Tánaiste.

(iii) Na Breithiúna

Foráiltear le hAirteagal 34 go 38 den Bhunreacht do chóras cúirteanna in Éirinn agus do chionta a thriail. Sonraíonn Airteagal 34 go soiléir 1. Is i gcúirteanna a bhunaítear le dlí agus ag breithiúna a cheaptar ar an modh atá leagtha amach sa Bhunreacht seo a riarfar ceart". Déantar foráil in Airteagal 35 do cheapachán agus thionacht bhreithiúna na hÉireann, agus faoi théarmaí an Airteagail  beidh "gach breitheamh saor neamhspleách maidir lena fheidhmeanna breithimh a oibriú, gan de smacht air ach an Bunreacht seo agus an dlí." Faoi Airteagal 35.4.4  den   Bhunreacht ní féidir baill den Chúirt Uachtarach ná den Ard-Chúirt  a chur as oifig ach ag rún ag gach Teach an Oireachtais de bharr mí-iompair nó míthreorach a luaitear. Ar an gcaoi chéanna cosnaítear tionacht Breithiúna Cúirte Cuarda agus Cúirte Dúiche ag reacht. Ina theannta, faoi Alt 35.5.1 den Bhunreacht ní fhéadfar tuarastal breithimh a laghdú le linn dó nó di a bheith ina dtéarma oifige, ach amháin i gcomhréir le hAirteagal 35.5.

Braitheann dlínse aon Bhreithimh ar dhlínse na cúirte a bhfuil sé nó sí i gceannas uirthi.

Córas na gCúirteanna

Sa Bhunreacht, leagtar amach struchtúr an chórais cúirteanna atá in Éirinn trí thabhairt ar bun go sainráite an Chúirt Uachtarach, cúirt achomhairc dheiridh sna hábhair uile a bhaineann leis an dlí bunreachtúil, sibhialta agus coiriúla, an Chúirt Achomhairc, sna hábhair a bhaineann leis an dlí bunreachtúil, sibhialta agus coiriúla, agus an Ard-Chúirt, cúirt céadchéime a bhfuil dlínse iomlán aici i ngach ceist, idir ceisteanna coiriúla agus sibhialta. Déantar foráil freisin in Airteagal 34.3.4 do chúirteanna le dlínse áitiúil agus teoranta a bhunú, ar a bunaíodh an Chúirt Chuarda agus an Chúirt Dúiche, a eagraítear ar bhonn réigiúnach iad, de réir reachta.

(i) An Chúirt Dúiche

Cúirt a bhfuil dlínse áitiúil agus teoranta aici atá sa Chúirt Dúiche, nach bhfuil ach údarás aici déileáil le ceisteanna áirithe a thagann chun cinn ina ceantar feidhmiúcháin. Bronntar cumhachtaí dlínse na Cúirte uirthi ag reacht agus mar sin, níl cead aici déileáil le haon cheisteanna a thagann taobh amuigh dá sainchuspóir reachtúil. I gceisteanna sibhialta, tá dlínse ag an gCúirt Dúiche déileáil le héilimh gur mó ná €15,000 an méid a éilítear iontu (agus gur mó ná €2,000 an méid a éilítear i gcásanna éilimh beaga) I gceisteanna dlí teaghlaigh, tá dlínse ag an gCúirt Dúiche i gceisteanna a bhaineann le cothabháil, caomhnóireacht leanaí nó rochtain orthu agus féadann sí orduithe a dhéanamh i dtaobh foréigin teaghlaigh. I gceisteanna coiriúla, cúirt dlínse achoimre atá sa Chúirt Dúiche agus déileálann sí le triail neamhghiúiré daoine a gearradh mionchionta orthu. Tá dlínse ag an gCúirt Dúiche le bannaí a bhronnadh sa chuid is mó de chásanna agus déileálann sé leis an gcúisí a chur ar aghaidh chun trialach i gcásanna lena mbaineann cionta coiriúla taobh amuigh dá dlínse, freisin.

(ii) An Chúirt Chuarda 

Cúirt dlínse áitiúil agus teoranta atá sa Chúirt Chuarda freisin, agus tá dlínse achomhairc aici i ngach ceist a thagann chun cinn sa Chúirt Dúiche. Tá dlínse ag an gCúirt Chuarda i gceisteanna sibhialta ina sáraíonn an méid san éileamh thar theorainn dhlínse na Cúirte Dúiche ach gur mó ná €75,000 ann (agus gur mó ná €60,000 atá ann i gcásanna Díobhálacha Pearsanta) I gcúrsaí dlí teaghlaigh, féadann an Chúirt Chuarda, orduithe colscartha, idirscartha bhreithiúnaigh agus neamhnithe a bhronnadh chomh maith le haon orduithe coimhdeacha. I gcúrsaí coiriúla, tá dlínse ag an gCúirt Chuarda le plé le gach cion ach amháin iadsan a bhfuil dlínse ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil orthu. Éisteann breitheamh a shuíonn le giúiré le trialacha coiriúla sa Chúirt Chuarda.

(iii) An Ard-Chúirt/An Phríomh-Chúirt Choiriúil

Tá dlínse iomlán ag an Ard-Chúirt i ngach ceist, idir ceisteanna sibhialta agus coiriúla. I gceisteanna sibhialta, níl aon uasteorainn ar líon na ndamáistí a fhéadann sí a bhronnadh. Nuair atá sí ag cleachtadh a dlínse choiriúil, tugtar an Phríomh-Chúirt Choiriúil ar an Ard-Chúirt, agus sa cháil seo, tá dlínse aici leis na cionta is troime a thriail, lena n-áirítear dúnmharú, dúnorgain, éigniú, tromionsaí gnéis, tréas, cindhíothú agus píoráideacht. Aistreofar trialacha coiriúla os comhair breithimh a shuíonn le giúiré. Uaireanta féadann Uachtarán na hArd-Chúirte treorú, in imthosca áirithe, go suífeadh beirt bhreithiúna nó níos mó sa Chúirt. Sna cúinsí sin, tugtar Ard-Chúirt rannach ar an Ard-Chúirt. Éisteann an Ard-Chúirt le hachomhairc freisin ón gCúirt Chuarda maidir le ceisteanna sibhialta. I dteanna lena dlínse i gcúrsaí sibhialta agus coiriúla, cleachtann an Ard-Chúirt freisin dlínse mhaoirseachta, i gcásanna Athbhreithnithe Bhreithiúnaigh, ina bhfuil an t-údarás aici bailíocht an dlí a shocrú agus í ag féachaint chuig forálacha an Bhunreachta. Rialaítear athbhreithniú breithiúnach ar aon dlí san Ard-Chúirt ag Airteagal 34 nó 50 den Bhunreacht, ag brath ar a shine agus atá an dlí imordaithe. Cuirtear dúshlán faoi dhlí a rith an tOireachtas ó achtaíodh an Bunreacht 1937, lena mbaineann toimhde na bunreachtúlachta, faoi Airteagal 34. Cuirtear dúshlán faoi dhlíthe a ritheadh sular achtaíodh Bunreacht 1937, nach mbaineann aon toimde bunreachtúlachta den sórt sin leo, faoi Airteagal 50.

(iv) An Chúirt Choiriúil Speisialta

Bunaíodh an Chúirt Choiriúil faoi théarmaí an Achta um Chionta in Aghaidh an Stáit, 1939 agus déileálann sí le dhá chatagóir cionta; iad siúd ar a dtugtar 'cionta sceidealaithe' agus iad siúd ar dearbhaigh an Stiúrthóir Ionchúisimh Poiblí ina dtaobh go raibh na gnáthchúirteanna neamhdhóthanach le riar éifeachtach an cheartais a bhaint amach. Suíonn an Chúirt Choiriúil Speisialta le triúir breitheamh agus níl aon ghiúiré inti. I gcónaí bíonn breitheamh Ard-Chúirte, Cúirte Chuarda agus Cúirte Dúiche inti. Feidhmíonn an Chúirt Choiriúil Speisialta faoi réir an Bhunreachta agus an ghnáthdhlí, agus is í an tréith idirdhealaitheach shubstaintiúil amháin a bhaineann léi ná nach mbíonn aon ghiúiré inti.

(v) An Chúirt Achomhairc

Níl aon bundlínse ag an gCúirt Achomhairc, toisc nach bhfuil inti ach dlínse achomhairc amháin. Suíonn an Chúirt i rannáin de thriúr breithiúna. Maidir le hábhair a bhaineann leis an dlí bunreachtúil agus leis an dlí sibhialta déantar achomhairc ón Ard-Chúirt a éisteacht agus cinneadh a dhéanamh orthu inti. In ábhair sa dlí coiriúil, déantar achomhairc a éisteacht ón gCúirt Chuarda, ón bPríomh-Chúirt Choiriúil agus ón gCúirt Choiriúil Speisialta inti agus, ina theannta sin, déantar iarratais chun daorbhreitheanna agus pianbhreitheanna a líomhnaítear gur de thoradh iomrall ceartais iad a athbhreithniú, a éisteacht agus cinneadh a dhéanamh orthu inti. Déantar achomhairc ó armchúirteanna a éisteacht agus cinneadh a dhéanamh orthu inti, freisin. Féadfar na hachomhairc a bheith i gcoinne cionta nó i gcoinne déine nó boige phianbhreithe. Féadfar déileáil le “cásaí sonraithe” ón gCúirt Chuarda agus ón Ard-Chúirt sa Chúirt Achomhairc freisin.

(vi) An Chúirt Uachtarach

Is í an Chúirt Uachtarach an chúirt achomhairc deiridh.   Cliceáil anseo chun léaráid a fháil faoi Chóras na gCúirteanna.

Cliceáil anseo chun léaráid a fháil ar struchtúr Chóras na gCúirteanna. 

 

Cearta Bunúsacha

Tá cearta bunúsacha an tsaoránaigh ráthaithe in Airteagal 40 go 44 den Bhunreacht. In Airteagal 40 foráiltear go gcaithfear déileáil go comhionann le gach saoránach os comhair an dlí agus leagann sé oibleagáid ar an Stát cearta pearsanta an tsaoránaigh a chosaint. Mar thoradh ar an téarma "cearta pearsanta", mar a léirmhíníonn na cúirteanna é, aithnítear agus cosnaítear go leor ceart nach foráiltear go soiléir iad i dtéacs an Bhunreachta. Áirítear leis na cearta 'neamháirithe' seo an ceart chun sláine choirpe, an ceart pósadh agus beatha a shaothrú i measc cearta eile.

Áiríonn na cearta 'áirithe' nó soiléire atá sa Bhunreacht an ceart chun saoirse tuairimíochta, saoirse tionóil agus saoirse comhlachais i measc ceart eile. In Airteagal 40 tá forálacha a rialaíonn an nós imeachta ar a dtugtar habeas corpus trína bhféadann pearsa aonair dúshlán a chur faoi dhlíthíocht a choinneála, freisin. Baineann Airteagal 41 agus 42 le cearta an Teaghlaigh agus le cearta Oideachais. Baineann Airteagal 43 le ceart an tsaoránaigh bheith ina úinéir ar mhaoin phríobháideach agus in Airteagal 44 ráthaítear an ceart adhradh reiligiúnach a chleachtadh go saor agus cuireann sé cosc ar bhronnadh ar aon chreideamh faoi leith ag an Stát. Cé go bhfuil na cearta seo cosanta ar bhonn bunreachtúla, níl aon cheann acu absalóideach agus féadfar teorainn a chur leo ar chúiseanna shlándáil an Stáit, chun an tsíocháin poiblí agus an t-ord poiblí a choimeád nó aon uair a n-iarrtar leis de réir mar is gá chun leasa an phobail.

Dlí an Chomhphobail Eorpaigh

Stát déach atá in Éirinn, foráiltear in Airteagal 29.6 den Bhunreacht go bhfeidhmíonn comhaontuithe idirnáisiúnta fórsa an dlí sa mhéid is a shocraítear san Oireachtas. Ciallaíonn sé sin nach mór conarthaí idirnáisiúnta a dtéitear isteach iontu a chuimsiú sa dlí intíre ag reachtaíocht sula bhfuil siad i bhfeidhm sa Stát (mar shampla cuireadh cuimsiú Choinbhinsiúin na Víne ar Dhíolúine Thaidhleoireachta agus Chonsalachta i bhfeidhm ag an Acht um Chaidreamh agus Díolúine Thaidhleoireachta 1967). Is í an eisceacht ón riail ghinearálta sin ná dlí an Chomhphobail Eorpaigh a dtugtar tús áite dó roimh dhlí intíre, faoi théarmaí Airteagal 29 den Bhunreacht. Ciallaíonn sé sin nach féidir aon dlí nó beart nach mór glacadh leis de bharr bhallraíocht na hÉireann den Aontas Eorpach, a dhéanamh neamhbhailí i bprionsabal ag aon fhoráil den Bhunreacht.