Ceapachán agus Tionacht na mBreithiúna

Critéar incháilitheachta um cheapadh chun na Cúirte Uachtaraí

Faoi alt 5 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961, mar atá arna leasú, tá na daoine seo a leanas incháilithe le ceapadh chun na hArd-Chúirte:

 (i)    

Breitheam Cúirt Achomhairc; Breitheamh Ard-Chúirte;

 (ii)    

Breitheamh Cúirte Cuarda a sheirbheáil sa Chúirt sin ar feadh dhá bhliana ar a laghad;

 (iii)    Duine a sheirbheáil i gceann de na poist seo a leanas aon uair i rith na tréimhse dhá bhliana tar éis dó/di a cheapadh:
  breitheamh nó Ard-Abhcóide ag Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa;
   breitheamh ag Cúirt na hEorpa um Chearta an Dúine; 
   breitheamh ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta; 
   breitheamh ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta; nó  
   breitheamh ag binse fiosrúcháin idirnáisiúnta laistigh de bhrí alt 2 den Acht um Binsí Coireanna Idirnáisiúnta Cogaidh, 1998.  
 

Ní mór go mbeadh an duine sin ina abhcóide nó dlíodóir i mbun cleachtais sula gceaptar é/í.

 (iv) Abhcóide nó dlíodóir a bhí ag obair le 12 bliain agus a bhí i mbun cleachtais ar feadh tréimhse leanúnach dhá bhliana ar a laghadh sula gceaptar é/í. (Is é sin an t-íosriachtanas reachtúil: i gcleachtas, dlíodóirí a a bhfuil i bhfad níos mó bliana taithí ná an t-íosriachtanas seo a cheaptar chun oifige breithiúnais i gcónaí). 

Nós Imeachta Ceapacháin

Faoi na forálacha bunreachtúla bainteacha is é cúram an Rialtais cinneadh cé ar cheart a cheapadh chun na Cúirte Uachtaraí. Tugann an Rialtas comhairle d'Uachtarán na hÉireann agus iarrthóir á ainmniú aige agus déanann an tUachtarán an ceapachán go foirmiúil.  

Féadann duine nach breitheamh é/í cheana, agus ar mian leis/léi go ndéanfaí é/í a mheas le haghaidh ceapacháin chun na Cúirte Uachtaraí, cur isteach ar an mBord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúna (BCCB) ag iarraidh go molfaí é/í mar iarrthóir oirúnach don cheapachán sin. 

Bord neamhspleách a bhfuil an Príomh-Bhreitheamh ina chathaoirleach air atá sa BCCB. Tá na ceathrar Uachtaráin ag gach leibhéal dlínse (An Chúirt Dúiche, an Chúirt Chuarda, an Ard-Chúirt agus An Chúirt Achomhairc) ina mbaill den Bhord freisin. Cé gur breithimh iad formhór na mball, tá beirt ionadaithe ón ngairm dlí agus tríur nach dlíodóirí iad.  Ról comhairleach amháin atá ag an mBord. Déanann an BCCB gach iarratas os a chomhair a mheas maidir leis an gceapachán sin agus ceapann sé liosta daoine a mheasann sé a bheith cáilithe go hóiriúnach don cheapachán sin. Cuirtear an liosta seo ar aghaidh chuig an Rialtas. Go ginearálta, is iad na daoine (seachas breithiúna) a d'fhaomh an Bord amháin a fhéadann an Rialtas a cheapadh. 

D'fhorchoiméad an tOireachtas an chumhacht don Rialtas duine nár chuir isteach ar an BCCB agus nach ndearna sé a mheas a cheapadh. Má dhéanann sé amhlaidh ní mór dó fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil ag sonrú go ndearna sé an ceapachán sin taobh amuigh den nós imeachta BCCB. 

Daingne Tionachta

De réir Airteagal 35.2 den Bhunreacht "Beidh gach breitheamh saor neamhspleách maidir lena fheidhmeanna breithimh a oibriú, gan de smacht air ach an Bunreacht seo agus an dlí." Ní mór do gach duine a cheaptar ina bhreitheamh an mionna seo atá leagtha amach in Airteagal 34.6.1 den Bhunreacht mar seo a leanas a ghlacadh.

 

           "I láthair Dia na nUilechumhacht táimse,             , á ghealladh agus á dhearbhú go sollúnta agus go fírinneach go gcomhlíonfad go cuí agus go dílis, chomh maith agus is eol agus is cumas dom, oifig an Phríomh-Bhreithimh (nó de réir mar a oireas) gan eagla gan claonadh, gan bá gan drochaigne chun duine ar bith, agus go gcumhdód Bunreacht agus dlíthe Éireann. Dia do mo stiúradh agus do mo chumhdach."               

Faoi Airteagal 35.4.1 den Bhunreacht níl cead breitheamh Cúirte Uachtaraí nó Ard-Chúirte a chur as oifig ach amháin de bharr mí-iompair nó míthreorach a luafar, agus an uair sin féin ní mór go rithfeadh Dáil Éireann agus Seanad Éireann rúin á éileamh é/í a chur as oifig. 

Sonraíonn Airteagal 35.5.1 "Ní cead laghdú a dhéanamh ar luach saothair breithiúna an fad is a bheidh siad in oifig ach amháin de réir an ailt seo."

Tionacht

Faoi Acht na gCúirteanna agus na Oifigeach Cúirte 1995 laghdaíodh aois scoir ghnáthbhreithimh na Cúirte Uachtaraí ó 72 bliain go 70 bliain.  Féadann breithiúna a ceapadh sula ndeachaigh an tAcht sin i bhfeidhm fanacht san oifig go mbaineann siad 72 bliain amach.

Forálann Acht na gCúirteanna (Uimh. 2) 1997 teorainn le téarma oifige duine a cheaptar ina Phríomh-Bhreitheamh tar éis don Acht dul i bhfeidhm go seacht mbliana, a d'fhéadfadh bheith níos giorra áit a gcríochnaíonn téarma Príomh-Bhreithimh níos luaithe toisc go mbaineann sé an aois scoir reachtúil amach. Féadann Iar-Phríomh-Bhreitheamh leanúint ar aghaidh ina b(h)all den Chúirt go mbaineann sé/sí an aois scoir reachtúil amach.