Ról Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann

Tá struchtúr bunreachtúil rialtais trípháirteach ag Éirinn. Forálann an Bunreacht do thrí orgán Stáit a chleachtann cumhachtaí an rialtais, cumhachtaí Feidhmiúcháin, Reachtúla agus Breithiúnacha.

Ról Bunreachtúil

Is é Príomh-Bhreitheamh na hÉireann Uachtarán na Cúirte Uachtaraí agus is é ceann na mbreithiúna, armghéag breithiúnach an rialtais, de réir teidil.

Freisin cuireann an Bunreacht dhá fheidhm shonrach breise i leith an Phríomh-Bhreithimh:

Ar an gcéad dul síos faoi réir Airteagal 14 den Bhunreacht is é an Príomh-Bhreitheamh an chéad bhall de Choimisiúin an Uachtaráin, a chleachtann na cumachtaí agus na feidhmeanna a bhronntar ar an Uachtarán má bhíonn an tUachtarán as láthair nó ar míthreoir, nó má tá an Oifig folamh ar aon chúis nó áit a dteipeann air nó uirthi cumachtaí agus feidhmeanna na hOifige a fheidhmiú agus a chomhlíonadh. Is iad baill eile Choimisiún an Uachtarán ná an Ceann Comhairle (Cathaoirleach Dháil Éireann, seomra na dteachtaí), agus Cathaoirleach Sheanad Éireann.

Sa dara cás, faoi Airteagal 31 den Bhunreacht, tá an Príomh-Bhreitheamh ina bhall den Chomhairle Stáit, comhlacht a thugann cabhair agus comhairle d'Uachtarán na hÉireann lena c(h)uid cumachtaí atá inchomhlíonta faoin mBunreacht tar éis dó/di comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit. Mar shampla, faoi Airteagal 13.2.3, d'fhéafadh an tUachtarán tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, cruinniú de cheachtar de Thithe an Oireachtais (an pharlaimint) nó iad araon a ghairm. 

Tá Iar-Phríomh-Bhreithimh i dteanna le hIar-Uachtaráin na hÉireann agus le hiarthaoisigh ina mbaill den Chomairle Stáit ar feadh a saoil. 

Ról Breithiúnach

Tá freagracht ar an bPríomh-Bhreitheamh as gach gné d'obair na Cúirte Uachtaraí. Ní shuíonn sé i ngach cás a thagann os comhair na Cúirte ach suíonn sé go rialta agus is é a bheidh i gceannas go buan ar chásanna a bhaineann le bunreachtúlacht reachtanna, le Bille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí ag an Uachtarán faoi réir Airteagal 26 den Bhunreacht agus i gcásanna eile a mbaineann tábhacht den sórt sin leo. I dteannta le bheith i gceannas ar éisteachtaí na Cúirte Uachtaraí tá an Príomh-Bhreitheamh freagrach as an Chúirt a bhainistiú lena n-áirítear Breithiúna a shannadh ar chásanna atá le teacht os comhair na cúirte.

Tá an Príomh-Bhreitheamh ina b(h)all ex officio den Árd-Chúirt agus den Chúirt Achomhairc.

Freagrachtaí eile

I dteannta leis na dualgais a bhaineann le breithiúnas agus riarachán amháin maidir leis an gCúirt Uachtarach í féin, tá réimse freagrachtaí riaracháin eile ag an bPríomh-Bhreitheamh. Tá na poist seo a leanas aige:

1. Cathaoirleach ar Bhord na Seirbhíse Cúirteanna.
2. Cathaoirleach ar an mBord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúnacha.
3. Cathaoirleach ar Bhord na hInstitiúide um Staidéir Bhreithiúnacha
4. Cathaoirleach ar Choiste Rialacha na nUaschúirteanna.