An Córas Dlíthiúil

Bunreacht na hÉireann

Is é atá i mBunreacht na hÉireann ná dlí bunúsach an Stáit. Achtaíodh é ag muintir na hÉireann tar éis pobalbhreithe in Iúil, 1937 agus chuaigh sé i bhfeidhm ar 29 Nollaig, 1937. 

Is é an Bunreacht an ceannbhrat faoina ndéantar ceart a riar agus faoina gcuirtear cearta dlíthiúla i bhfeidhm i gcúirteanna a bhunaigh an dlí. Trína chuid forálacha soiléire tugann sé aithníonn se agus ráthaíonn sé cosaint chearta bunúsacha an duine. 

Bunaíonn an Bunreacht, a bhfuil 50 Airteagal ann, institúidí an Stáit agus leagann sé amach na rialacha a rialaíonn an t-idirchaidreamh idir orgáin an Stáit agus idir an Stát agus an duine aonair. D'fhéadfadh daoine aonair é a ghairm le dúshlán a chur faoi bhunreachtúlacht dlíthe a ritheann an tOireachtas agus le cúiteamh a lorg i gcás go sáraítear a gcearta bunreachtúla. Faoi réir an Bhunreachta tá an córas dlí bunaithe ar thraidisún an dlí choitinn.

Faoi théarma Airteagal 6 den Bhunreacht is le muintir na hÉireann a luíonn ceannasacht ach tá an Stát ceannasach go seachtrach i dtaobh a seasaimh i gcúrsaí dlí idirnáisiúnta. Tá an Stát, Éire freagrúil os comhair na gCúirteanna as eagóracha a dhéantar i gcoinne daoine aonair nó as a gcuid ceart bunreachtúil nó dlíthiúil a shárú. Ní féidir an Bunreacht a athrú ach i ndiaidh reifrinn, a bhfuil foráil déanta dó in Airteagal 46. 

Bunreacht dátheangach

Gné shuntasach de chuid an Bhunreachta ná go bhfuil sé scríofa i ndá theanga. Forálann Airteagal 8 den Bhunreacht gurb í an Ghaeilge, mar an teanga náisiúnta, céad theanga oifigiúil an Stáit agus aithníonn an Stát Béarla mar an dara teanga oifigiúil. Áit a dtagann difríocht idir dhá théacs an Bhunreachta chun cinn, is é an téacs Gaeilge a bheidh i réim.

Deighilt na gCumachtaí

Forálann an Bunreacht do dheighilt trépháirteacht cumhachtaí: an Reachtas, an Feidhmeannas agus na Breithiúna. Cinntíonn sé seo nach féidir aon orgán amháin den Stát cur isteach ar na feidhmeanna atá leagtha ar an dá orgán eile. Leagann Airteagal 12 go 14 amach feidhmeanna Uachtarán na hÉireann, arb é an Ceann Stáit é. Cumhachtaí searmanais go príomha a leagtar ar an Uachtarán cé go bhforáltar do go leor cumhachtaí discréideacha faoi théarmaí an Bhunreachta. Ainneoin deighilt na gcumhachtaí cleachtann na Cúirteanna feidhm bhunreachtúil agus bunreachtúlacht agus dlíthiúlacht ghníomhartha orgáin eile an Stáit á n-athbhreithniú acu.

(i) An Reachtas

Mar a shainordaíonn an Bunreacht, tá an tOireachtas comhdhéanta de dhá sheomra agus Uachtarán na hÉireann. Is iad dhá theach an Oireachtais ná Seanad Éireann agus Dáil Éireann (seomra na dteachtaí). Cé go leagann Airteagal 15 den Bhunreacht cumhacht dlíthe a dhéanamh ar an Oireachtas amháin, tá teorainn leis an gcumhacht seo mar níl cead ag an Oireachtas reachtaíocht atá neamhréir le téarmaí an Bhunreachta a achtú. Ar an gcaoi chéanna tá cosc ar reachtaíocht a chruthaíonn cion go cúlghabhálach nó a d'fhorálfadh do phíonóis an bháis a ghearradh. Is féidir tús a chur le reachtaíocht i gceachtar den dá Theach, ach amháin Billí Airgid agus Billí leis an mBunreacht a leasú nach féidir a thabhairt isteach ach i nDáil Éireann. Téann Bille trí chéimeanna éagsúla sa dá Theach sula gcuirtear chuig Uachtarán na hÉireann é le síniú, áit a ndéantar Acht Oireachtais den Bhille.

(ii) An Feidhmeannas

Is é an Feidhmeannas Rialtas na hÉireann agus foráltar dó in Airteagal 28 den Bhunreacht, a shonraíonn nach mór nach mbeadh níos lú ná seachtar ball agus níos ná cúig bhall déag sa Rialtas agus áiríonn sé sin an Taoiseach arb é ceann an Fheidhmeannais é agus an duine atá díreach faoi, an Tánaiste. 

 

(iii) Na Breithiúna

 

Forálann Airteagal 34 go 38 den Bhunreacht don chóras cúirteanna in Éireann agus do cionta a thriail. Sonraíonn Airteagal 34 go soiléir 1. Is i gcúirteanna a bhunaítear le dlí agus ag breithiúna a cheaptar ar an modh atá leagtha amach sa Bhunreacht seo a riarfar ceart". Déantar foráil in Airteagal 35 do cheapachán agus thionacht bhreithiúna na hÉireann, agus faoi théarmaí an Airteagail  beidh "gach breitheamh saor neamhspleách maidir lena fheidhmeanna breithimh a oibriú, gan de smacht air ach an Bunreacht seo agus an dlí." Faoi Airteagal 35.4.4  den   Bhunreacht ní féidir baill den Chúirt Uachtarach ná den Ard-Chúirt  a chur as oifig ach ag rún ag gach Teach an Oireachtais de bharr mí-iompair nó míthreorach a luaitear. Ar an gcaoi chéanna cosnaítear tionacht Breithiúna Cúirte Cuarda agus Cúirte Dúiche ag reacht. Ina theannta, faoi Alt 35.4.5 den Bhunreacht níl cead laghdú a dhéanamh ar thuarastal breithimh fad is a bheidh sé/sí in oifig. 

Brathann dlínse aon Bhreithimh ar dhlínse na cúirte a bhfuil sé/sí i gceannas uirthi.

 

An Córas Cúirteanna

 

Leagann amach an Bunreacht struchtúr an chóras cúirteanna in Éirinn tríd an Chúirt Uachtarach, cúirt achomhairc dheiridh, agus an Ard-Chúirt, cúirt céadchéime a bhfuil dlínse iomlán aice i ngach ceist choiriúil agus shibhialta a bhunú go soiléir. Déantar foráil freisin in Airteagal 34.3.4 do cúirteanna le dlínse áitúil agus teoranta a bhunú, ar a bunaíodh an Chúirt Chuarda agus an Chúirt Dúiche, a eagraítear ar bhonn réigiúnach, de réir reachta ar a bhunús.

 

(i) An Chúirt Dúiche

 

Cúirt a bhfuil dlínse áitúil agus teoranta aici atá sa Chúirt Dúiche, nach bhfuil ach údarás aici déileáil le ceisteanna áirithe a thagann chun cinn ina ceantar feidhmiúcháin.  Bronntar cumhachtaí dlínse na Cúirte uirthi ag reacht agus mar sin, níl cead aici déileáil le haon cheisteanna a thagann taobh amuigh dá sainchuspóir reachtúil. I gceisteanna sibhialta, tá dlínse ag an gCúirt Dúiche déileáil le héilimh nach bhfuil a luach thar €15,000 acu. I gceisteanna dlí teaghlaigh, tá dlínse ag an gCúirt Dúiche i gceisteanna a bhaineann le cothabháil, caomhnóireacht leanaí nó rochtain orthu agus féadann sí orduithe a dhéanamh i dtaobh foréigin teaghlaigh. I gceisteanna coiriúla, cúirt dlínse achoimre atá sa Chúirt Dúiche agus déileálann sí le triail neamhghiúiré daoine a gearradh mionchiontaí orthu. Freisin tá dlínse ag an gCúirt Dúiche le bannaí a bhronnadh sa chuid is mó de chásanna agus déileálann sé leis an gcúisí a chur ar aghaidh chun trialach i gcásanna lena mbaineann ciontaí coiriúla taobh amuigh dá dlínse.

 

(ii) An Chúirt Chuarda

 

Cúirt dlínse áitiúil agus teoranta atá sa Chúirt Chuarda freisin, agus tá dlínse achomhairc aici i ngach ceist a thagann chun cinn sa Chúirt Dúiche. Tá dlínse ag an gCúirt Chuarda i gceisteanna sibhialta áit a bhfuil an t-éileamh thar dhlínse na Cúirte Dúiche ach nach bhfuil sé thar €75,000. I gcúrsaí dlí teaghlaigh, féadann an Chúirt Chuarda, orduithe colscartha, idirscartha bhreithiúnaigh agus neamhnithe a bhronnadh chomh maith le haon orduithe coimhdeacha. I gcúrsaí coiriúla, tá dlínse ag an gCúirt Chuarda le plé le gach cion ach amháin iad siad a bhfuil dlínse ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil orthu. Éisteann breitheamh a shuíonn le giúiré le trialacha coiriúla sa Chúirt Chuarda.

 

(iii) An Ard-Chúirt/An Phríomh-Chúirt Choiriúil


Tá dlínse iomlán ag an Ard-Chúirt i ngach ceist, idir ceisteanna sibhialta agus coiriúla. I gceisteanna sibhialta, níl aon uasteorainn ar líon na ndamáistí a fhéadann sí a bhronnadh. Nuair atá sí ag cleachtadh a dlínse coiriúil, tugtar an Phríomh-Chúirt Choiriúil ar an Ard-Chúirt, agus sa cháil seo, tá dlínse aici leis na ciontaí is troime a thriail, lena n-áirítear dúnmharú, dúnorgain, éigniú, tromionsaí gnéis, tréas, cindhíothú agus píoráideacht. Réachtáltar trialacha coiriúla os comhair breithimh a shuíonn le giúiré. Uaireanta féadann Uachtarán na hArd-Chúirte treorú go suífeadh beirt bhreithiúna nó níos mó sa Chúirt. Ar na cúinsí seo, tugtar Ard-Chúirt rannach ar an Ard-Chúirt. Éisteann an Ard-Chúirt le hachomhairc freisin ón gCúirt Chuarda maidir le ceisteanna sibhialta. I dteanna lena dlínse i gcúrsaí sibhialta agus coiriúla, cleachtann an Ard-Chúirt freisin dlínse maoirseachta, i gcásanna Athbhreithnithe Bhreithiúnaigh, ina bhfuil an t-údarás aici bailíocht an dlí a shocrú agus í ag féachaint chuig forálacha an Bhunreachta. Rialaítear athbhreithniú breithiúnach ar aon dlí san Ard-Chúirt ag Airteagal 34 nó 50 den Bhunreacht, ag brath ar a shine agus atá an dlí imordaithe. Cuirtear dúshlán faoi dhlí a rith an tOireachtas ó achtaíodh an Bunreacht 1937, lena mbaineann toimhde na bunreachtúlachta, faoi Airteagal 34.  Cuirtear dúshlán faoi dhlíthe a ritheadh sular achtaíodh Bunreacht 1937, nach mbaineann aon toimde bunreachtúlachta den sórt sin leo, faoi Airteagal 50.

 

(iv) An Chúirt Choiriúil Speisialta

 

Bunaíodh an Chúirt Choiriúil faoi théarmaí an Achta um Chionta in Aghaidh an Stáit, 1939 agus déileálann sí le dhá chatagóir ciontaí; iad siúd ar a dtugtar 'ciontaí sceidealaithe' agus iad siúd a ndearbhaigh an Stiúrthóir Ionchúisimh Poiblí ina dtaobh go raibh na gnáthchúirteanna neamhdhóthanach le riar éifeachtach an cheartais a bhaint amach. Suíonn an Chúirt Choiriúil Speisialta le triúir breitheamh agus níl aon ghiúiré inti. I gcónaí bíonn breitheamh Ard-Chúirte, Cúirte Chuarda agus Cúirte Dúiche inti.  Feidhmíonn an Chúirt Choiriúil Speisialta faoi réir an Bhunreachta agus an ghnáthdlí, agus is í an tréith idirdhealaitheach subtaintiúil amháin a bhaineann léi ná nach mbíonn aon ghiúiré inti.

(v) An Chúirt Achomhairc

Níl aon bundlínse ag an gCúirt Achomhairc, toisc gur cúirt achomhair amháin atá inti. Suíonn an Chúirt le triúir breitheamh agus gan aon ghiúiré, agus éisteann sí le hachomhairc ón Ard-Chúirt/An Phríomh-Chúirt Choiriúil, ón gCúirt Chuarda, agus ón gCúirt Choiriúil Speisialta agus déanann sí iad a shocrú. D'fhéadfadh na hachomhairc bheith i gcoinne ciontaithe nó i gcoinne ró-throime nó ró-bhoige pianbhreithe.  Éisteann sí cásanna áirithe ón Chúirt Dúiche maidir le cheisteanna dlí chomh maith.

(vi) An Chúirt Uachtarach

Is í an Chúirt Uachtarach an chúirt achomhairc deiridh agus éisteann sí le hachomhairc ag éirí as cinntí na hArd-Chúirte, agus as an gCúirt Achomhairc Choiriúil, áit a dtagann pointe dlí chun cinn a bhfuil tábhacht eisceachtúil ag baint leis ó thaobh an phobail de. Ní bhíonn bundlínse iomlán ag an gCúirt Uachtarach ach i ndá chás: (i) áit a gcuireann Uachtarán na hÉireann, tar éis dó/di dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit, Bille Oireachtais faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí lena chuid bunreachtúlachta a shocrú go conclúideach faoi Airteagal 26 de Bhunreacht na hÉireann; agus (ii) áit a bhfuil míthreoir bhuan an Uachtaráin i gceist. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi dhlínse na Cúirte Uachtaraí.

Cliceáil anseo chun léaráid a fháil faoi Chóras na gCúirteanna.

Cearta Bunúsacha

Tá cearta bunúsacha an tsaoránaigh ráthaithe in Airteagal 40 go 44 den Bhunreacht. Forálann Airteagal 44 go gcaithfear déileáil go comhionann le gach saoránach os comhair an dlí agus leagann sé oibleagáid ar an Stát cearta pearsanta an tsaoránaigh a chosaint. Mar thoradh ar an téarma "cearta pearsanta", mar a léirmhíníonn na cúirteanna é aithníodh agus cosnaíodh go leor ceart nár foráladh go soiléir dóibh i dtéacs an Bhunreachta. Áirítear leis na cearta 'neamháirithe' seo an ceart chun sláine coirpe, an ceart pósadh agus beatha a shaothrú i measc ceart eile.

Áiríonn na cearta 'áirithe' nó soiléire atá sa Bhunreacht an ceart chun saoirse cainte, tionóil agus comhlachais i measc ceart eile. In Airteagal 40 freisin tá forálacha a rialaíonn an nós ar a dtugtar habeas corpus trína bhféadann duine aonair dúshlán a chur faoi dhlíthíocht a choinneála Baineann Airteagal 41 agus 42 le cearta an Teaghlaigh agus le hOideachas. Baineann Airteagal 43 le ceart an tsaoránaigh bheith ina úinéir ar mhaoin phríobháideach agus ráthaíonn Airteagal 44 an ceart adhradh reiligiúnda a chleachtadh go saor agus cuireann sé cosc ar bhronnadh ar aon chreideamh faoi leith ag an Stát. Cé go bhfuil na cearta seo cosanta ag an mbunreacht, níl aon cheann acu iomlán agus d'fhéadfaí teorainn a chur leo ar chúiseanna shlándáil an Stáit, coimeád síochána agus ord poiblí agus áit a n-iarrtar ag an leas coiteann go gcuirtear teorainn leo.

Dlí an Chomhphobail Eorpaigh

Stát déach atá in Éirinn, forálann Airteagal 29.6 den Bhunreacht go bhfuil fórsa an dlí ag comhaontaithe idirnáisiúnta sa mhéid is a shocraíonn an tOireachtas. Ciallaíonn sé sin nach mór conarthaí idirnáisiúnta a dtéitear isteach iontu a chuimsiú sa dlí intíre ag reachtaíocht sula bhfuil siad i bhfeidhm sa Stát (mar shampla cuireadh cuimsiú Choinbhinsiúin na Víne ar Dhíolúine Thaidhleoireachta agus Chonsulachta i bhfeidhm ag an tAcht um Chaidreamh agus Díolúine Thaidhleoireachta 1967). Is í an eisceacht dó seo ná dlí an Chomhphobail Eorpaigh a thugtar tús aite dó roimh dhlí intíre, faoi théarmaí Airtegal 29 den Bhunreacht. Ciallaíonn sé seo nach féidir aon dlí nó beart nach mór glacadh leis de bharr bhallraíocht na hÉireann den Aontas Eorpach, a dhéanamh neamhbhailí i bprionsabal ag aon fhoráil den Bhunreacht.