Ciarraí - Trá Lí - Cuaird an Iardheiscirt - Athrú Dáta tosaithe Téarma na Tríonóide ón 3 Meitheamh go dtí 2 Meitheamh 2026

Tralee Court Users

An Chúirt Chuarda
Cuaird an Iardheiscirt

De bhun na gcumhachtaí a dílsíodh dom le hAlt 10 d'Acht Cúirteanna Breithiúnais 1947, agus le cumhachtaí eile a bronnadh orm, agus tar éis dul i gcomhairle le buanbhreitheamh Chuaird an Iardheiscirt, ordaímse, Patricia Ryan, Uachtarán na Cúirte Cuarda, an méid seo a leanas:

  1. Go dtosóidh suí Chúirt Chuarda Thrá Lí, atá sceidealta le tosú ar Chéadaoin 3 Meitheamh 2026, ar Mháirt 2 Meitheamh 2026 ina ionad sin agus go leanfaidh sé ar aghaidh chomh fada agus is gá chun déileáil le gnó coiriúil agus le gnó eile a chuirtear ar ais chuig Trá Lí.
  2. Go bhfoilseofar an tOrdú seo chomh luath agus is féidir ar www.courts.ie  

Arna dhátú an 19ú lá de Bhealtaine 2026
Patricia Ryan
Uachtarán na Cúirte Cuarda

Cuid de

Foilsitheoir

Dlínse

  • Circuit Court