Dún na nGall - Ó 1 Deireadh Fómhair 2025 - Athlonnú shuíonna Theach Cúirte Dhún na nGall go Teach Cúirte Bhéal Átha Seanaidh

Donegal Court Notice

Ó 1 Deireadh Fómhair 2025, beidh gach suí cúirte atá beartaithe do Theach Cúirte Dhún na nGall ar siúl i dTeach Cúirte Bhéal Átha Seanaidh.

Chuir Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) in iúl don tSeirbhís Chúirteanna le déanaí nach bhfuil sí sábháilte a thuilleadh d'úsáid an phobail mar gheall ar imní faoi Shláinte agus Sábháilteacht a bhaineann le Teach Cúirte Dhún na nGall.

Tá sé deimhnithe ag an OPW go bhfuil siad tar éis suirbhé iomlán ar riocht tógála a eagrú. Tar éis an tuarascáil iomlán ar an suirbhé ar riocht tógála a fháil, breithneoidh an tSeirbhís Chúirteanna na chéad chéimeanna eile.

Gabhaimid ár leithscéal as an gcur isteach a dhéanfaidh sé seo d'úsáideoirí na Cúirte.

Cuid de

Foilsitheoir

Dlínse

  • District Court
  • Circuit Court