Ó 1 Deireadh Fómhair 2025, beidh gach
suí cúirte atá beartaithe do Theach Cúirte Dhún na nGall ar siúl i dTeach
Cúirte Bhéal Átha Seanaidh.
Chuir Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW)
in iúl don tSeirbhís Chúirteanna le déanaí nach bhfuil sí sábháilte a
thuilleadh d'úsáid an phobail mar gheall ar imní faoi Shláinte agus
Sábháilteacht a bhaineann le Teach Cúirte Dhún na nGall.
Tá sé deimhnithe ag an OPW go bhfuil
siad tar éis suirbhé iomlán ar riocht tógála a eagrú. Tar éis an tuarascáil
iomlán ar an suirbhé ar riocht tógála a fháil, breithneoidh an tSeirbhís
Chúirteanna na chéad chéimeanna eile.
Gabhaimid ár leithscéal as an gcur
isteach a dhéanfaidh sé seo d'úsáideoirí na Cúirte.