Imeachtaí Sibhialta i gCuaird Bhaile Átha Cliath
CC33 | Circuit Court

Tabhair faoi deara, le do thoil, ón 1ú lá de Dheireadh Fómhair 2026 agus as sin amach, go gcaithfear le gach cás inar eisíodh fógra trialach mar chás atá réidh le dul ar aghaidh.

Ní dheonófar aon iarratas ar chásanna den sórt sin a chur ar atráth ach amháin ar chúiseanna eisceachtúla agus dosháraithe amhail bás nó tinneas tromchúiseach duine de na páirtithe nó finné riachtanach.

Maidir le cás atá liostaithe le haghaidh éisteachta agus nach bhfuil réidh le dul ar aghaidh, déanfar an fógra trialach a scriosadh amach ach amháin gurb iad is cúis leis an gcúis nach bhfuil sé in ann dul ar aghaidh leis an éisteacht imthosca eisceachtúla nó gur léir go mbeadh ordú den sórt sin éagórach do pháirtí amháin nó don dá pháirtí nó go n-éascódh sé do pháirtí nach bhfuil ag dul ar aghaidh lena thaobh den chás ar bhealach tráthúil agus éifeachtúil.

Níor cheart ábhair a leagan síos le haghaidh trialach ach amháin i gcás ina bhfuil siad réidh le le dul chun trialach.

Is é an Cláraitheoir Contae amháin a dhéileálfaidh le hiarratais ex-parte a bhaineann le foriarratais ón gCláraitheoir Contae. Ní liostófar aon iarratais den sórt sin os comhair bhreitheamh na Cúirte Cuarda ach amháin más achomharc iad i gcoinne chinneadh an Chláraitheora Contae.

Ba cheart gach ábhar ex-parte a liostú os comhair na cúirte ina bhfuil an cás liostaithe.

Tá an treoir seo á tabhairt chun éifeachtúlacht a spreagadh agus chun úsáid iomlán agus éifeachtach acmhainní na Seirbhíse Cúirteanna a chinntiú.

Is mór againn do chomhoibriú maidir le cur i bhfeidhm na dtreoracha seo.

 

Arna eisiúint ag an mBreitheamh Onórach Keenan Johnson
Uachtarán na Cúirte Cuarda
an 21ú lá de Mheán Fómhair 2026