Tabhair faoi deara, le do thoil, ón 1ú lá de Dheireadh Fómhair 2026
agus as sin amach, go gcaithfear le gach cás inar eisíodh fógra trialach mar
chás atá réidh le dul ar aghaidh.
Ní dheonófar aon iarratas ar chásanna den sórt sin a chur ar atráth ach
amháin ar chúiseanna eisceachtúla agus dosháraithe amhail bás nó tinneas
tromchúiseach duine de na páirtithe nó finné riachtanach.
Maidir le cás atá liostaithe le haghaidh éisteachta agus nach bhfuil
réidh le dul ar aghaidh, déanfar an fógra trialach a scriosadh amach ach amháin
gurb iad is cúis leis an gcúis nach bhfuil sé in ann dul ar aghaidh leis an
éisteacht imthosca eisceachtúla nó gur léir go mbeadh ordú den sórt sin
éagórach do pháirtí amháin nó don dá pháirtí nó go n-éascódh sé do pháirtí nach
bhfuil ag dul ar aghaidh lena thaobh den chás ar bhealach tráthúil agus
éifeachtúil.
Níor cheart ábhair a leagan síos le haghaidh trialach ach amháin i gcás
ina bhfuil siad réidh le le dul chun trialach.
Is é an Cláraitheoir Contae amháin a dhéileálfaidh le hiarratais
ex-parte a bhaineann le foriarratais ón gCláraitheoir Contae. Ní liostófar aon
iarratais den sórt sin os comhair bhreitheamh na Cúirte Cuarda ach amháin más
achomharc iad i gcoinne chinneadh an Chláraitheora Contae.
Ba cheart gach ábhar ex-parte a liostú os comhair na cúirte ina bhfuil
an cás liostaithe.
Tá an treoir seo á tabhairt chun éifeachtúlacht a spreagadh agus chun
úsáid iomlán agus éifeachtach acmhainní na Seirbhíse Cúirteanna a chinntiú.
Is mór againn do chomhoibriú maidir le cur i bhfeidhm na dtreoracha
seo.
Arna eisiúint ag an mBreitheamh Onórach Keenan Johnson
Uachtarán na Cúirte Cuarda
an 21ú lá de Mheán Fómhair 2026