Le cur faoi bhráid na bpáirtithe uile le haghaidh Éisteachtaí Ceadúnúcháin Bliantúla Dhúiche Cathrach Bhaile Átha Cliath a bheidh ar siúl Déardaoin, 25 Meán Fómhair 2025
Tabhair do d'aire, le do thoil, go bhfuil trí liosta ar siúl ar an dáta thuas:
- Daingnithe ag 11am,
- Agóidí ag 11:30am agus
- Díolúintí Ginearálta ag 12 meán lae.
Iarraimid ar gach páirtí a bheith i láthair ag 11am, mar is mian leis an mBreitheamh déileáil le nithe níos tapúla ar dtús sula n-éistfear le nithe a bhfuil fianaise faoi mhionn de dhíth orthu.
Tá súil againn go gcinnteoidh sé seo go ndéanfar na héisteachtaí a reáchtáil go réidh agus go héifeachtúil.
Má tá aon cheist agat maidir leis an méid thuas, déan teagmháil le hOifig Ceadúnúcháin Bhaile Átha Cliath.